Beannachtaí na Féile Pádraig ar chlann mhór dhomhanda na nGael, sa bhaile agus ar fud na cruinne, ar ár lá náisiúnta ceiliúrtha féin.
Beannachtaí ó chroí don uile dhuine a cheiliúrann Lá Fhéile Pádraig is cuma cá háit a bhfuil tú ar domhan. Ar an lá seo cuirimid ár ndeacrachtaí i leataobh agus tugaimid chun cuimhne an t-aoibhneas sa saol a eascraíonn as dea-chomhluadar agus ceiliúradh ar chultúr den scoth. Tráth é Lá Fhéile Pádraig don spraoi agus don gháire, le sárthaispeántas a dhéanamh ar an gcuid is fearr den Éireannachas agus le léargas a thabhairt ar ár mórtas as ár dtír dúchais agus as ár n-oidhreacht. Is fiú beatha Phádraig Naofa féin a thabhairt chun cuimhne sa tráth achrannach seo ó b’éigean dó fein aghaidh a thabhairt ar chruatan mór pearsanta agus é a shárú, cruatan a chráigh é thar fhulaingt. Bailíonn na Gaeil le chéile ina ainm in Éirinn agus in an-chuid áiteanna éagsúla ar domhan (mar shampla mé féin agus an dlídoir Danielle Conley anseo in Atlanta!) Tá an t-ádh linn clann mhór dhomhanda mar í a bheith againn. A bhuí lenár muintir ar fud na cruinne, tá an nasc le hÉirinn coinnithe beo leis na glúnta agus tá na milliúin gan áireamh ar fud an domhain tar éis eolas a chur ar ár gcultúr. Déantar ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig agus baintear taitneamh as in iliomad áiteanna, ceiliúradh idir áitiúil agus dhomhanda agus atá de dhlúth agus d’inneach an Éireannachais ach a chuireann fáilte mhór roimh chairde ó chultúir agus traidisiúin eile. Mar sin is cuma má bhíonn tú ar mhórshiúil sráide i sráidbhaile tuaithe beag in Éirinn nó i gceann de na cathracha is mó ar domhan, is comhcheiliúradh é paráid Lá Fhéile Pádraig arb é an mórtas diongbháilte agus an grá céanna don bheatha agus don phobal atá ina chroílár..
Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus taitneamhach i 2010 ar gach uile Éireannach agus ar gach cara le hÉirinn.
http://www.rte.ie/player/#
http://beo.tg4.ie/
GRÁINNE NÍ CHINNÉIDE




